Man looks shocked at dangers of online prescription medicines

Bí ar an eolas maidir leis na contúirtí a bhaineann le cógais leighis ar oideas a cheannach ar líne

D’fhéadfadh sé go mbeadh daoine den tuairim gur smaoineamh maith a bheadh ann cógais leighis ar oideas a cheannach ar an idirlíon ach níl aon bhealach ann lena fháil amach an bhfuil na cógais leighis sin sábháilte nó an oibríonn siad i gceart.

Ar thaobh amháin, d’fhéadfá a bheith ag cur do chuid airgid amú.

Ar an taobh eile, d’fhéadfadh na cógais leighis seo díobháil thromchúiseach a chruthú duit.

Cad iad na contúirtí?

Roinnt de na cúiseanna gan bheith muiníneach nó cógais leighis a cheannach ar líne riamh:


Táirgí Bréige

Fiú má tá an chuma chéanna ar na táirgí a cheannaíonn tú ar líne, níl aon chinnteacht ann go bhfuil siad ceart nó gurbh iad na cógais leighis chéanna iad is atá ordaithe duit. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cóireáil cheart á cur ar fáil acu don riocht sláinte atá ag gabháil duit.

Tástáil easnamhach

Níl aon bhealach ann lena fháil amach an bhfuil tástáil déanta ar na cógais leighis nó an bhfuil siad ceadaithe lena n-úsáid ag an duine. D’fhéadfadh sé nach mar a chéile na cógais leighis a seoladh chugat agus na cógais leighis a bhí fógartha ar an idirlíon.

Substaintí míchearta

Ciallaíonn substaint ghníomhach sa chógas leighis go n-oibríonn sé. D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon substaint ghníomhach sna cógais leighis a cheannaítear ar líne, d’fhéadfadh an iomarca substaint ghníomhach nó gan substaint ghníomhach leordhóthanach a bheith ann nó na substaintí míchearta ar fad a bheith sna cógais leighis. D’fhéadfadh sé nach mbeadh maith ar bith ann chun cóireáil a chur ar fáil don riocht sláinte atá i gceist.

Pacáistiú mícheart

D’fhéadfadh sé nach mbeadh pacáistiú, lipéadú nó stóráil cheart déanta ar an gcógas leighis agus d’fhéadfadh siad a bheith as dáta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon fhaisnéis othair ar fáil ach oiread ar nós conas na cógais leighis a thógáil nó d’fhéadfadh an fhaisnéis a bheith mícheart.


Droch-chaighdeáin cáilíochta

Níl aon bhealach ann le bheith cinnte conas nó cá háit a rinneadh na cógais leighis. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat a bheith ar an eolas cibé a bhfeidhmíonn an déantóir chun caighdeáin inghlactha cáilíochta agus sláinteachais.

Tocsaineach

Fuarthas amach go raibh substaintí tocsaineacha contúirteacha i roinnt de na cógais leighis a ceannaíodh ar líne.

Idirghníomhaíocht Fabhtacha

Mar gheall nach bhfuil aon chinnteacht ann maidir le cad atá sna cógais leighis a cheannaíonn tú ar an idirlíon, ní féidir leat a bheith cinnte go bhfuil sé sábháilte iad a thógáil in éineacht le cógais leighis a d’fhéadfadh a bheith á dtógáil agat cheana féin. D’fhéadfadh siad idirghníomhú leis na cógais leighis atá á dtógáil agat go rialta.

Riosca ó thaobh calaoise agus bradaíl aitheantais

Cuireann go leor de na láithreáin idirlín a sholáthraíonn cógais leighis a bhfíor-aitheantas i bhfolach ar mhaithe le daoine a chur amú. Is minic gur coirpigh atá taobh thiar de na hoibríochtaí ar na láithreáin ghréasáin seo. Ciallaíonn sé seo go bhfuil tú do chur féin i mbaol nuair a thugann tú do chuid mionsonraí pearsanta ó thaobh calaois cárta creidmheasa agus bradaíl aitheantais de.

Cá háit ar chóir dom cógais leighis a cheannach?


Cógais leighis ar oideas

Níor chóir duit cógais leighis a cheannach ach amháin ó fhoinse aitheanta, iontaofa, ar nós do chógaslann áitiúil.

In Éirinn, tá cógaslanna á rialú ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (PSI). Nuair a cheannaíonn tú do chuid cógais leighis ó na cógaslanna seo, bíonn tú cinnte go bhfuil na cógais leighis údaraithe agus go bhfuil an HPRA i mbun monatóireacht ar shábháilteacht agus ar cháilíocht na gcógas leighis.

Ní féidir ach amháin le dochtúirí, fiaclóirí agus altraí áirithe oideas a thabhairt duit agus níor chóir duit cógais leighis ar oideas a thógáil ach amháin faoi chúram agus faoi mhaoirseacht gairmí cúraim sláinte.

Cógais leighis neamhoidis?

Is féidir le cógaslanna agus le miondíoltóirí eile in Éirinn cógais leighis neamhoidis a dhíol ar a láithreáin ghréasáin. Is ionann iad seo agus cógais leighis nach dteastaíonn aon oideas lena n-aghaidh. Ar shampla amháin tá táirgí paraicéiteamóil chun faoiseamh a chur ar fáil ó phian.

Ní mór do sholáthróir ar mian leis/léi cógais leighis neamhoidis a dhíol ar an idirlíon in Éirinn iarratas a chur faoi bhráid an PSI agus a bheith curtha leis an Liosta de na Soláthraithe Idirlín. Tá an liosta ar fáil ar Láithreán gréasáin an PSI. Ní mór dóibh ‘Lógó Coiteann’ a thaispeáint ar a láithreán gréasáin freisin.

Is gné shábháilteachta atá i gceist leis an lógó coiteann a thugann an deis do dhaoine den phobal soláthróirí dlisteanacha ar líne do chógais leighis neamhoidis a aithint, a dheimhníonn go bhfuil sé sábháilte an táirge a cheannach. Tá faisnéis bhreise ar Liosta de na Soláthraithe Idirlín le fáil ar láithreán gréasáin an PSI.

Curiuos woman wondering where her mediciation is


Cén fáth nach bhfuarthas mo chógas leighis?

In Éirinn, tá sé in aghaidh an dlí cógais leighis ar oideas a chur ar fáil trí phostdíol (lena n-áirítear, tríd an idirlíon). Is cion coiriúil atá i gceist freisin nuair a sholáthraíonn déantóirí cógais leighis bréige nó góchumtha – ar a dtugtar cógais leighis falsaithe.

Coinníonn oifigigh custaim cógais leighis neamhdhleathacha a thagann isteach sa tír agus d’fhéadfaí iad a scriosadh. Bhí ionchúisimh agus gníomhartha eile freisin ann a raibh baint acu le hoibritheoirí idirlín.

Gheobhaidh tú litir ón HPRA, sa chás gur cheannaigh tú cógais leighis ar oideas ar líne agus go bhfuil siad á gcoinneáil ag oifigigh custaim, do chur ar an eolas go bhfuil do chuid cógas leighis coinnithe ag custam agus bileog ina bhfuil faisnéis bhreise maidir leis na contúirtí a bhaineann le cógais leighis a cheannach ar líne.

Cén duine ar cheart dom comhairle a lorg?

Cé gur féidir leis an idirlíon a bheith mar fhoinse mhaith ó thaobh comhairle sláinte de, is fearr, i gcónaí an chomhairle cheart a fháil ó ghairmí cúraim sláinte (dochtúir, altra, cógaiseoir, fiaclóir) maidir le haon údar imní nó riocht sláinte atá agat.

Mura ndéanann tú amhlaidh, d’fhéadfadh sé nach mbeidh diagnóis cheart á fháil agat maidir leis an fhadhb agus d’fhéadfá críochnú suas agus na cógais leighis míchearta a cheannach don riocht sláinte atá ag dul duit. Ná cuir tú féin i mbaol.


Gníomhaíocht amhrasach a thuairisciú

Má tá aon údar imní agat maidir le cógais leighis neamhdhleathacha, nó má thugann tú gníomhaíocht amhrasach faoi deara, is féidir leat teagmháil a dhéanann lenár Rannóg Forfheidhmithe ar an teileafón ag +353 1 634 3871 nó ag +353 1 634 3431 nó trí ríomhphost: reportacase@hpra.ie.

Fáiltímid roimh aon fhaisnéis a chuidíonn linn leis an mbagairt ó chógais leighis don tsláinte phoiblí a laghdú, cógais atá ag teacht isteach sa tír go neamhdhleathach.